
EAGRÚ na gCÚRSAÍ
COURSE ORGANISATION
All courses are approved by the Department of Education and Science.
On the first day of each course the pupils are divided up into classes according to their ability. They usually remain in their class for the duration of the course to ensure that the best possible attention is given to their learning needs.
3 formal taught classes are held from Monday to Saturday from 10 am to 1 pm each day. (5 classes for students in the Leaving Cert course except on one day per week). After lunch a music class is held (ca 1.30-2.15 pm), Monday - Saturday. A mixture of afternoon activities (sport, drama, art, time on the beach) follows between 2.30 and 5.30 pm on weekdays. On Sundays special events or afternoon activities are usually provided earlier in the day.
The pupils may attend Mass on Saturday evenings. Anybody who wishes not to go to Mass can spend the time in the College hall with a group leader. Should there be enough in this group, team games may be provided.
On one day of the course a cultural walk to one or two of the Island’s places of interest is organised.
A boat trip to the Fastnet Rock, a sea-watch trip or kayaking is also sometimes on the course programme but is not a standard part of any course. A separate fee for such an activity applies.

Tá gach cúrsa faofa ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Ar an chéad lá de gach cúrsa cuirtear na daltaí i ranganna de réir a gcumais. Fanann na daltaí sa rang ina gcuirtear ar an chéad lá iad ar feadh thréimhse an chúrsa ar fad de ghnáth, chun a chinntiú go ndéanfar an freastal is fearr is féidir ar a riachtanais fhoghlama.
Cuirtear 3 ranganna teagaisc foirmeálta ar siúl Luan go Satharn ó 10 am go 1 pm gach lá. (5 ranganna do dhaltaí i gcúrsa na hArdteistiméireachta ach amháin lá amháin sa tseachtain). Bíonn rang ceoil ar siúl tar éis lóin (ca 1.30-2.15 pm) Luan go Satharn. Bíonn meascán d’imeachtaí tráthnóna (gníomhaíochtaí spóirt, drámaíochta nó ealaíne, am ag an dtrá) ar siúl idir 2.30 pm agus 5.30 pm ar laethanta seachtaine. Ar an nDomhnach cuirtear imeachtaí speisialta nó imeachtaí tráthnóna ar siúl níos luaithe sa ló, de ghnáth.
Is féidir leis na daltaí freastal ar an Aifreann oíche Dé Sathairn. Aoinne nach mian leis/léi freastal ar an Aifreann, is féidir leis/léi an t-am sin a chaitheamh le ceannainre i halla an Choláiste agus má bhíonn dóthain scoláirí i láthair cuirtear cluichí foirne ar siúl dóibh.
Eagraítear siúlóid chultúrtha go ceann nó dhó d’ábhar spéise Oileán Chléire in ionad ranganna na maidine ar lá amháin den gcúrsa.
I roinnt chúrsaí cuirtear turas báid chuig an Charraig Aonair, turas faire mhara nó curachóireacht ar an gclár ach ní gnáthchuid d’aon chúrsa é. Gearrtar táille fé leith ar ghníomhaíocht den tsórt seo.


