
Bíonn postanna mar oide, mar ardcheannaire agus mar bhean/fear an tí ar fáil sa Choláiste gach samhradh
POSTANNA
JOBS
2) Post mar chinnire
Cuireann an Coláiste fáilte roimh iarratais ó dhaoine óga a bhfuil an Ardteist déanta acu agus a bhfuil suim agus cumas fé leith sa Ghaeilge acu, chomh maith le scileanna i gceol, ealaín, sport agus in aon ghníomhaíochtaí atá oiriúnach mar imeachtaí tráthnóna nó oíche do dhaltaí an Choláiste. Ba chóir do dhaoine ar mhian leo cur isteach ar phost mar chinnire bheith solúbtha, cruthaitheach, agus tuisceanach, agus ba chóir breithmheas cóir réasúnta a bheith acu i leith na ndaltaí gach uile thráth i rith an chúrsa.
Dualgaisí
Bíonn cinnire i bhfeighil grúpa daltaí ó thigh amháin de ghnáth. Siúlann sé nó sí leis an ngrúpa go dtí an Coláiste ar maidin agus ar ais abhaile um thráthnóna. Siúlann sé/sí leo arís chuig láthair na n-imeachtaí oíche (halla an Choláiste, de ghnáth) agus ar ais. Deineann an Príomh-Oide córas sealaíochta do sna cinnirí chun am saor a shocrú dóibh. Bíonn ar na cinnirí bheith i láthair ag imeachtaí tráthnóna, imeachtaí oíche agus sna sosanna i rith na maidine. Ullmhaíonn siad grúpaí spoirt, mionghrúpaí i gcomhair tionscnamh ealaíne, ceoil, comórtaisí agus aráile. Cabhraíonn siad leis na múinteoirí súil a choinneáilt ar iompar na ndaltaí lasmuigh de na ranganna, ó thaobh sábháilteachta ginearálta agus ó thaobh riail na Gaeilge de. Ní mór do chinnirí a bheith ar fáil i gcomhair tascanna eile a d’fhéadfadh bheith le déanamh maidir le reáchtáil an chúrsa. Ní mór do chinnirí teacht go Cléire lá roimh thosach an chúrsa chun aithne a chur ar an bhfoireann agus ar a dtimpeallacht oibre.
Áiseanna
Roinneann cinnire seomra le cinnire eile nó le daltaí. Itheann siad a mbéilí in éineacht leis na daltaí agus is féidir leo leas a bhaint as na háiseanna céanna sna tithe lóistín leis na daltaí. Socraíonn bainisteoirí an Choláiste, i.e. Comharchumann Chléire Teo, pá na gcinnirí.
Aoinne gur suim leis/léi cur isteach ar phost mar chinnire cuireadh sé/sí r-phost chuig rúnaí an Choláiste ag eolas@colaistephobalchleire.ie. Ábhar an r-phoist: post mar chinnire
1) Post mar oide:
Cuirimid fáilte roimh oidí gach samhradh a bhfuil taithí, cumas agus suim fé leith acu i múineadh na Gaeilge agus sna luachanna agus sa traidisiún atá ag gabháil léi. Is dushlán ar leith é cúrsa i gcoláiste samhraidh a mhúineadh toisc go dtagann daltaí ó mhórán scoileanna difriúla le chéile ar feadh thréimhse gairide chun cuspóir fíor-speisalta a bhaint amach.
Dualgaisí
Bíonn oidí ag múineadh na Gaeilge sna ranganna foirmeálta ó 10 am go 1 pm, Luan go Satharn (ó 10am - 3pm, 4 lá sa tseachtain i rang na hArdteistiméireachta) Caithfidh siad rollaí a ranganna a choinneáilt de réir rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta (míneofar sin go cruinn dóibh ag tosach an chúrsa) agus a líonadh isteach dhá uair sa ló, i gcomhair ranganna na maidine agus i gcomhair imneachtaí an tráthnóna, uair amháin ar an Domhnach. Bíonn na hoidí i láthair sna ranganna ceoil, leis. Bíonn oide amháin i láthair le gach grúpa daltaí i gcaitheamh na n-imeachtaí tráthnóna agus ag na céilithe/imeachtaí oíche. Is fé na hoidí féin atá sé córas sealaíochta a chur ar bun dóibh féin (le faomhadh an Phríomh-Oide) chun na riachtanais mhaoirseachta a chomhlíonadh. Cé nach mbíonn ar oidí bheith i bhfeighil na ndaltaí agus iad ag siúl ar na bóithre, de ghnáth, d’fhéadfadh go mbeadh a gcúnamh ag teastáil i leith na hoibre sin i gcásanna eisceachtúla, m. sh. breoiteacht/cás éigeandála a éilíonn go bhfuil cinnire as láthair. Ní mór d’oidí teacht go Cléire lá roimh thosach an chúrsa chun aithne a chur ar an bhfoireann agus ar a dtimpeallacht oibre.
Áiseanna
Tugtar tigh cónaithe neamhspleách an Choláiste do na hoidí. Cuirtear buiséad i gcomhair bia don bhricfeasta ar fáil chomh maith le dinnéar laethúil i mbialann. Ceadaíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta 5 lá saoire in lieu d’oidí a mhúineann cúrsa i gcoláiste samhraidh. Socraíonn bainisteoirí an Choláiste, i.e. Comharchumann Chléire Teo, pá na n-oidí.
Aoinne gur suim leis/léi cur isteach ar phost mar oide cuireadh sé/sí r-phost chuig rúnaí an Choláiste ag eolas@colaistephobalchleire.ie. Ábhar an r-phoist: post mar oide






3) Post mar bhean nó fear an tí
Bíonn roinnt tithe a choinníonn scoláirí ag lorg cúnaimh ó mhná nó ó fhir tí chun obair ar nós cócaireachta agus glanadh a dhéanamh i gcaitheamh na gcúrsaí. Deis iontach é seo chun cur le do thaithí ar obair phraiticiúil fhreagrach i dtimpeallacht lán-Ghaelach!
Dualgaisí
Bíonn ar bhean/fhear an tí na béilí a ullmhú gach lá. Caithfidh sé nó sí cinntiú go mbeidh lón pacáilte chomh maith le gach aon ní eile a bhíonn ag teastáil i gcomhair an lae (m.sh. unga gréine, éadaí báistí) ag gach dalta nuair a fhágaid siad an tigh ar maidin nó ag am an chéilí de réir mar is cuí. Caithfidh sé nó sí soláthairtí a ordú don tigh de réir mar is gá (cúpla uair sa tseachtain de ghnáth). Bíonn sí/sé freagrach as cúrsaí glaineachta agus sláinteachais sa chistin agus sna seomraí folctha. Tá uirthi/air bheith sa tigh nuair a bhíonn na daltaí ann (ach amháin i ndiaidh a 11 pm, ar choinníoll go bhfuil an cinnaire nó ionadaí ceaptha eile sa bhaile leis na daltaí). agus ar 10 pm istoíche sara dtagann na daltaí abhaile ó sna himeachtaí oíche.
Áiseanna
Bíonn a seomra féin nó a sheomra féin ag bean/fear an tí sa tigh ina bhfuil sí nó sé ag obair. Gheibheann sí/sé a lóistín agus a cuid/a chuid béilí saor in aisce sa tigh sin. Bíonn am saor aige/aici i gcaitheamh an lae nuair a bhíonn na daltaí ar scoil agus istoíche i ndiaidh 11 pm más rud é go bhfuil socruithe cuí déanta maidir le maoirseacht na ndaltaí. Socraíonn bainisteoirí an Choláiste, i.e. Comharchumann Chléire Teo, pá mná fir an tí.
Aoinne gur suim leis/léi cur isteach ar phost mar bhean/fhear an tí cuireadh sé/sí r-phost chuig rúnaí an Choláiste ag eolas@colaistephobalchleire.ie. Ábhar an r-phoist: post mar cbhean/fhear an tí