Ár gColáiste

Ba sa bhliain 1966 a chuir na Campaí Oibre i gCléire a gcúrsa samhraidh Gaelige ar siúl den chéad uair. Bhíodar san i mbun ‘Coláiste na gCampaí Oibre’ ar feadh 10 mbliana mar chuid dá n-obair dheonach a dheineadar ar mhaithe leis an Oileán. Sa bhliain 1976 ghlac Comharchumann Chléire seilbh ar an gColáiste Samhraidh agus baisteadh ‘Coláiste Phobal Chléire’ mar ainm air.

Tá Coláiste Phobal Chléire ag fónamh do lucht foghlama na Gaeilge le blianta fada anuas le cur chuige spreagúil, lán de sport is spraoi, a fhágann dearcadh dearfach i leith na Gaelige agus dea-chuimhne ar ár nOileán ins na daltaí a thagann chughainn.

 

Tagann mórán daltaí ar ais chughainn arís agus arís eile agus glacann cuid díobh postanna mar chinnirí sa Choláiste níos déanaí.

Cuirimid cúrsaí 3 seachtaine do dhéagóirí agus cúrsa seachtaine do pháistí na 5ú agus na 6ú bliana bunscoile ar fáil chomh maith le dianchúrsaí ullmhúcháin i gcomhair na hArdteistiméireachta.

Teagmháil / Contact | Séanadh / Disclaimer

Ar feadh na mblianta fada do chuirtí cúrsaí samhraidh an Choláiste ar siúl i halla an tsean-tí ‘Luí na Gréine’ ar thaobh Chnoic a’ Phréacháin i mbaile Fearainn Lios a Móine, agus sa Scoil Náisiúnta, agus ba í acmhainn an Choláiste ná timpeall 50 scoláire. Sa bhliain 2006 cuireadh tús leis an obair ar halla úr-nua i mBaile Fearainn a Chrathaigh agus is i 2008 a reáchtáladh na cúrsaí samhraidh ann den chéad uair. De bharr an fhoirgnimh nua, ar a nglaoimid ‘Halla Phobal Chléire,’ méadaíodh toilleadh an Choláiste go 100 scoláire.

Our College

The Campaí Oibre (Work Camps) in Cape Clear Island ran their Irish summer course for the first time in 1966. They continued this project for 10 years as part of the voluntary work they did for the Island. In 1976 Comharchumann Chléire took over the College and since then it is called ‘Coláiste Phobal Chléire’.

Coláiste Phobal Chléire has been serving learners of Irish for many years with an encouraging fun-filled approach which leaves a positive attitude towards Irish and a good memory of our Island in the pupils who come to us.

 

Many pupils come back again and again and some take on jobs as group leader (cinnire) in the College later on.

We run 3-week courses for teenagers, one-week courses for 5th and 6th year primary school children, as well as intensive Leaving Cert Irish preparation courses.

For many years the summer college courses were held in the hall of the old house ‘Luí na Gréine’ next to ‘Cnoc a’ Phréacháin in the townland of Lios a Móine and in the National School. Then the capacity of the College was about 50 pupils. In 2006 work on a brand-new hall was begun in the townland of Crathach and in 2008 the summer courses were held there for the first time. As a result of the new building, called ‘Halla Phobal Chléire’, the capacity of the College has been increased to 100 pupils.

2008

Coláiste Phobal Chléire
Coláiste Phobal Chléire About
Coláiste Samhraidh Oileán Chléire
Gníomhaíochtaí Coláiste Phobal Chléire
Coiríocht - Accommodation, Coláiste Phobal Chléire
Coláiste Samhraidh, Oileán Chléire
Irish Summer College, Coláiste Phobal Chléire
Coláiste Phobal Chléire, Postanna
Irish Summer College Oileán Chléire, Application Forms
Áiseanna - Facilities in Cape Clear Island

1973-2007

EOLAS FÚINN

 

   About Us

Seanchomhartha ag Luí na Gréine

Mic léinn na gCampaí Oibre i gCléire, 1967