Teagmháil / Contact | Séanadh / Disclaimer

3) Cúrsa ullmhúcháin i gcomhair na hArdteistiméireachta - Samhradh

Cúrsa cónaithe trí seachtaine atá ar aon dul leis an ngnáthchúrsa samhraidh (Cúrsa 1 thuas) ó thaobh eagrúcháin de ach a dhíríonn ar dhaltaí a bheidh ag dul isteach sa séú bliain sa bhfómhar. Pléifear gach gné de scrúdú na hArdteiste agus go háirithe an scrúdú béil.

CÚRSAÍ  GAEILGE

 

   IRISH COURSES

Cuireann Coláiste Phobal Chléire saghasanna éagsúla cúrsaí do lucht foghlama na Gaelige ar fáil:

Coláiste Phobal Chléire offers various kinds of Irish courses:

1) Cúrsa samhraidh do dhaltaí meánscoile idir 12-18 mbliana d’aois:

Cúrsa cónaithe trí seachtaine é seo a bhfuil de chuspóir aige cumas Gaeilge na ndaltaí a chur chun cinn, go háirithe i labhairt na teanga, agus meas agus feasacht ar theanga agus ar thraidisiún na Gaelige a chothú iontu. Tá taithí fada ag an gcoláiste ar an saghas cúrsa seo, cúrsa ina dtugtar deis do sna daltaí eolas a chur ar shaol agus ar áiseanna nádúrtha an Oileáin mar ghrúpa. Chuige seo leagtar béim láidir ar fhoghlaim trí ghníomhaíochtaí tríd síos, sa seomra ranga agus lasmuigh faoin spéir araon. Sna ranganna foirmeálta bíonn na daltaí roinnte de réir a gcumais Gaeilge, ach sna himeachtaí eile agus sna tithe lóistín, ní bhíonn, dar ndóigh. Meastar cumas gach dalta i n-agallamh beag i dtosach an chúrsa agus tugtar tuairisc ar dhul chun cinn an dalta i ndeireadh an chúrsa.

Sainghné den gcúrsa is ea go gcónaíonn na daltaí i dtithe san Oileán i measc daoine a labhrann Gaeilge leo faoi ghnáthimeachtaí an lae. Tá muintir an Oileáin agus foireann an chúrsa ag obair as láimh a chéile chun cuspóirí agus fealsúnacht an choláiste a chur chun leasa na ndaltaí óga a thagann chughainn gach samhradh.

1) Summer course for children between 12-18

years of age

This is a residential three-week course intended to develop the pupils’ ability in Irish, especially in the spoken language, and to encourage their appreciation and awareness for Irish language and tradition. The college has vast experience in running this type of course, a course in which the children are given an opportunity to get to know life and natural amenities of the island as a group. To this end learning through activities, both in the classroom and out and about is emphasized throughout. In the formal classes the pupils are divided according to ability. During the other activities and in the houses however, they are not. Each pupil’s ability is assessed through a short interview at the beginning of the course and a progress report is issued for each pupil at the end of the course.

A special feature of each course is that the pupils stay in Island homes where the locals talk in Irish to them about everyday things. The Island people and college staff are working hand in hand in order to ensure that the aims and philosophy of the college benefit the pupils who come to stay with us each summer.

2) Cúrsa samhraidh do dhaltaí 10 agus 12 bhliain d’aois

Cúrsa cónaithe seachtaine é seo ina gcuirtear an bhéim ar fhoghlaim trí ghníomhaíochtaí agus spraoi, laistigh agus lasmuigh. Tá an cúrsa dírithe ar feasacht teangan, féin-mhuinín agus cumas Gaeilge a spreagadh sna daltaí. Fanann na daltaí i dtigh ar an Oileán agus bíonn mná tí agus ceannairí ina bhfeighil ann.

2) Summer course for children who are 10 and 12 years of age

This is a one-week residential course with strong emphasis on learning through activities and fun indoors and outdoors, aimed to build language awareness, confidence and competency.  The children stay in a house on the Island where ‘mná tí’ and group leaders are caring for them.

3) Leaving Certificate Preparation Course - Summer

A three-week residential course which is organised in the same way as the normal summer course (Course 1 above) but which concentrates on pupils who enter 6th year in the autumn. All aspects of the Irish Leaving Cert exam will be dealt with and especially the oral exam.

Coláiste Phobal Chléire
Coláiste Phobal Chléire About
Coláiste Samhraidh Oileán Chléire
Gníomhaíochtaí Coláiste Phobal Chléire
Coiríocht - Accommodation, Coláiste Phobal Chléire
Coláiste Samhraidh, Oileán Chléire
Irish Summer College, Coláiste Phobal Chléire
Coláiste Phobal Chléire, Postanna
Irish Summer College Oileán Chléire, Application Forms
Áiseanna - Facilities in Cape Clear Island

4) Dianchúrsa ullmhúcháin i gcomhair scrúdú béil na hArdteistiméireachta - Lár théarma an Earraigh: Dianchúrsa ullmhúcháin 2 lá i gcomhair bhéalscrúdú na hArdteistiméireachta é seo a chuirtear ar siúl i gcaitheamh sos lár-théarma an earraigh gach bliain. Gaeilge agus Gearmáinis.

4) Special Pre-Leaving cert oral examination course - Spring break:  Intensive preparatory 2-day course for the oral examination of the Leaving Certificate, held in the spring mid term break each year. For Irish and German. 

5) Cúrsaí d’oidí a d’oileadh thar lear (ullmhúchán i gcomhair Scrúdú Cáilíochta na Gaeilge)

Cúrsaí cónaithe seachtaine sa bhfómhar, san earrach agus díreach roimh an scrúdú i saoire na Cásca atá i gceist. Cuirtear an rogha seo ar fáil chun cabhrú leis na hoidí riail na dtrí seachtaine sa Ghaeltacht a chomhlíonadh. Inár gcúrsaí do lucht an SCG déantar plé breá fairsing ar ábhar na leabhar cleachtaidh don SGC, Cóir Ghaoithe agus Leoithne Ghaoithe (Coláiste Mhuire, Marino) agus cuirtear béim ar ghnéithe praiticiúla agus go háirithe ar an nGaeilge labhartha, chomh maith. Tá na sonraí reatha ar fáil anseo.

5) Courses for teachers who were trained abroad (preparation for the Scrúdú Cáilíochta na Gaeilge)

This consists of one-week residential courses in the autumn, in spring and directly before the exam in the Easter holidays. This choice is made available to help the teachers to fulfil the rule of spending three weeks in the Gaeltacht. In our courses for the SCG candidates study materials provided in the SCG practice books ‘Cóir Ghaoithe’ and ‘Leoithne Ghaoithe’ (Coláiste Mhuire, Marino) while the practical elements and especially spoken Irish are given a lot of attention. For current details click here.