

Eolas áisiúil
De ghnáth fanann 10-16 daltaí in aon tigh amháin. De ghnáth roinneann 3-4 daltaí seomra amháin. Tá gach tigh a choinníonn daltaí faofa ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Gnáth-lá i dtigh cónaithe na ndaltaí
Glaonn bean nó fear an tí ar na daltaí timpeall ar a 8 a chlog ar maidin. Éiríonn na daltaí agus geibheann siad a mbricfeasta. Cabhraíonn cuid acu de réir róta atá sa tigh, le bean nó fear an tí an bord a leagan agus na háraistí a ní i ndiaidh an bhricfeasta. Deintear é seo ag gach béile.
Is féidir le gach dalta lón a thógaint go dtí an scoil. Cuireann bean/fear an tí bia amach chun ceapairí a dhéanamh, chomh maith le torthaí. Tá sé tábhachtach leis, go dtógfaidh gach dalta buidéal uisce léi/leis.
Fágann na daltaí an tigh i dteannta an cheannaire timpeall 9.20-9.30 am chun a bheith ag an scoil ar 9.50. Tá cuid de na tithe níos sia ón scoil ná tuilleadh acu, agus tá cnoc géar ar an tslí ó chuid de na tithe go dtí an scoil.
Tar éis na raganna agus imeachtaí an tráthnóna téann na daltaí ar ais I gcomhair an dinnéir. Bíonn an dinnéar timpeall ar a 6 a chlog. Bíonn deis acu a scíth a ligint agus cith a thógáil ag an am sin, chomh maith.
Timpeall ar a 7.30 pm fágann siad an tigh arís chun freastal ar imeachtaí oíche agus filleann siad ar ais ar 10.30 pm. Bíonn suipéar acu agus ina dhiaidh sin caithfidh siad dul go dtí na seomraí leapa. Iarrtar orthu bheith ciúin agus na soilse a mhúchadh ar 11.30 pm.
Oíche mhaith!
Cónaíonn daltaí an chúrsa samhraidh i dtithe ar an Oileán le teaghlach nó le bean / fear tí a labhrann Gaeilge leo faoi ghnáthimeachtaí an lae....

CÓIRÍOCHT
ACCOMMODATION





The summer course students stay in houses on the Island with a family or with a ‘bean’ or ‘fear’ an tí who speak Irish to them about everyday things....
Useful Information
Usually 10-16 pupils stay together in a house. A room is usually shared by 3-4 pupils. Each house which keeps students is approved by the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs.
A normal day in a house which keeps students
The bean or fear an tí calls the students at around 8 o’clock. The students get up and get their breakfast. Some of them help, according to the rota they have made for the house, with setting the table and with cleaning up afterwards. This is done at all meals.
Every student can take a lunch to to school. The bean an tí or fear an tí puts out food for sandwiches and fruit. It is important that everybody brings a bottle of water with them as well.
The pupils leave the house with the group leader (cinnire) at ca. 9.20-9.30 am in order to be at the school at 9.50. Some of the houses are further away from the school than others and on the way from some of the houses is a steep hill.
After the classes and the afternoon events the pupils go back to the houses for their dinner. Dinner is at around 6 pm. Around that time they can also rest and take a shower.
At ca 7.30 pm they leave again to go to the evening activities and they return from these at ca. 10.30 pm. They have supper and then have to go to the bedrooms. At 11.30 pm they are asked to be quiet and switch off the lights.
Oíche mhaith!